School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Location:
- Cregmore, Co. Galway
- Teacher: Cathal Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Page 284
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a caitheadh isteach í bpáirc ag leómhan nach bhfuair aon biadh le trí lá. Nuair a tháinig an lá tugadh Androcles isteach í lár na páirce agus leigeadh an leomhan buile amach chuige. Connaic Androcles an leomhan agus bhí sé i n-deiread a anma, le neart sgannradh. Dféac an leomhan timcheall agus leag sé súil ar an bhfear í lár na páirce. D'eirigh gach ribe fionnadh air. Nocht sé a cuid fiacal. Thóg sé a ruball í n-áirde agus súid leis ar cos in áirde, fé dhein an sgabuidhe chraidhte. Nuair a tháinig sé in aice leis i n-ionad é strachad as a chéille céard a rinne sé acht luighe síos go cneasta ag a cosa agus thosnuigeadh ag lútháil air. Bhí iongantas agus áthas mór ar na daoine a bhí cruinnighte taobh amuigh de'n fháil acht ba mó go mór ná sin an t-iongantas a bhí ar a maighistir. Cuireadh an leomhan isteach ar ais agus tugadh Androcles os comhair a maighistir agus na daoine go léir. D'innis an sglabhuidhe bocht a sgéal tríd síos. Dubhairt sé gur bé sin an leomhan gur leisuigh sé a chos sa choill. Glac a maighistir truagh dó. Bhronn sé an leomhan air, agus leig sé saor é.
- Collector
- Eibhlín Ní Neachtain
- Gender
- Female
- Address
- Lisheenavalla, Co. Galway
- Informant
- Micheál Ó Neachtain
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Lisheenavalla, Co. Galway