Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)

Suíomh:
Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraic Ó Séadhacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 190

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 190

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 190
  3. XML “Cormac Dall”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dhó.
    Bhuail sé doras tighe an t-sagairt agus tháinic an sagart amach. " Ara a Chormaic," ars an sagart, " go cé chaoi bfuil tú."
    "Ó do chéad míle fáilte abhaile Athair Pádraig O'Briain" arsa Cormac.
    "Shíl mé nár aithnigh tú mé" ars an sagart.
    "Ó maise 'athair, d'aithnigh mo chroidhe thú, agus chonnaic ordóga mo choise thú" ars Cormac
    "Ó by dad" ars an sagart "má's mar sin atá an sgéal is gearr nach bhfeicfidh siad mé mar cuirfidh mise i bhfolach iad. "
    Bhí sagart óg cuaird ag an sagart paráisde. Ollamh i gColáisde Magh Nuadhat a bhí ann - agus nuair a chualaidh se an chainnt agus an gháirí, tháinic sé amach acu.
    "Seo duine muinnteardha dhom - an sagart óg seo - a tháinic ar cuaird agam a Chormaic," ars an sagart.
    "Céád míle fáilte roimhe" ars Cormac.
    "Bhail anois 'athair cuir tú eagcóir mhór ar bhuachaillí beaga mo bhaile a' rádh gurb iad a bhris agus a ghoid an gabáisde as Baile na Mónadh".
    "Bhail cualaidh mise gurb iad a ghoid é" ars an sagart
    "Bhail ní hiad" arsa Cormac
    "Cá fhios duit" a Chormaic ars an sagart.
    "Tá mé cinnte de, mar dubhairt siad liom nár tháinic siad an bealach sin ar chor ar bith." "Acht ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seaghán Ó Máinín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe