School: Lisín na hEilte (Buachaillí)
- Location:
- Lisheennaheltia, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Séadhacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dhó.Bhuail sé doras tighe an t-sagairt agus tháinic an sagart amach. " Ara a Chormaic," ars an sagart, " go cé chaoi bfuil tú.""Ó do chéad míle fáilte abhaile Athair Pádraig O'Briain" arsa Cormac."Shíl mé nár aithnigh tú mé" ars an sagart.
"Ó maise 'athair, d'aithnigh mo chroidhe thú, agus chonnaic ordóga mo choise thú" ars Cormac"Ó by dad" ars an sagart "má's mar sin atá an sgéal is gearr nach bhfeicfidh siad mé mar cuirfidh mise i bhfolach iad. "Bhí sagart óg cuaird ag an sagart paráisde. Ollamh i gColáisde Magh Nuadhat a bhí ann - agus nuair a chualaidh se an chainnt agus an gháirí, tháinic sé amach acu."Seo duine muinnteardha dhom - an sagart óg seo - a tháinic ar cuaird agam a Chormaic," ars an sagart.
"Céád míle fáilte roimhe" ars Cormac."Bhail anois 'athair cuir tú eagcóir mhór ar bhuachaillí beaga mo bhaile a' rádh gurb iad a bhris agus a ghoid an gabáisde as Baile na Mónadh"."Bhail cualaidh mise gurb iad a ghoid é" ars an sagart"Bhail ní hiad" arsa Cormac
"Cá fhios duit" a Chormaic ars an sagart.
"Tá mé cinnte de, mar dubhairt siad liom nár tháinic siad an bealach sin ar chor ar bith." "Acht ar(continues on next page)- Informant
- Seaghán Ó Máinín
- Gender
- Male
- Address
- Lisheennaheltia, Co. Galway