School: Lisín na hEilte (Buachaillí)
- Location:
- Lisheennaheltia, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Séadhacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lisín na hEilte (Buachaillí)
- XML Page 136
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann i bhfad ó shoin i gCondae na Gaillimhe agus 'sén maoin a bhí aige (is bhí sé bródhamhail asta) na gabhar, asal, roinnt cearca, teachín beag tuighte agus píosa beag talmhan sléibhteamhail. Ní raibh fear eile i gConndae na Gaillimhe níos sonasaigh na é mar bhí gabhar aige cun bainne a thabhairt do, bhi cearca aige, cun uibheacha a thabhairt do, thug an teachín fasgadh do agus fuair sé coirce agus prátaí as an píosa beag talmhan do bhí aige, ionnas go raibh a sháith le n-ith aige i gcómhnuidhe. Bhí sé comh sásta seanmhar 's gur bháistiugh na chómharsana "An londubh" air mar leasainm, óir, cloistheá é ag gabháil amhráin agus ag feadghail ó bhreacadh an lae go dtí dul síos don gréin. Bíodh go bhfuair sé bris no go dtáinig an mí-ádh air cuir sé suas leis is níor bhac sé leis nó ní dearmaidh sé gearán na clabhsán ar rud ar bith a thug dia dó."Bíonn maitheas in gach rud a dtugann dia dúinn" a deireadh sé, agus bhi a shliocht sin air, cuir sé suas leis an mí-ádh ar nós an t-ádh. Anois, in aice leis an áit in a chómhnuigh "An Londubh"(continues on next page)
- Collector
- Máirtín Mac an Bháird
- Gender
- Male
- Address
- Patch, Co. Galway
- Informant
- Labhras Ó Maolciarán
- Gender
- Male
- Address
- Lisheennaheltia, Co. Galway