Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)
- Suíomh:
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Séadhacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Scéal
Fadó bhí beirt mná in a gcomnuidhe i Seanach, baile atá ar an dtaobh thiar- theas de baile glean an madadh. Bhí leanbh ag gach ceannaca agus bhí siad an-mhór le na céile. Lá amháin bhí ceann aca le dul go margadh glean na madadh agus d’fhág sí an páiste I detach an mná eile. Cuaidh sí go dtí an margadh agus thosaigh an bhean eile ag obair.
Leig sí na páistidhe amach ag súgradh. Bhí tobar in aice an tíghe agus nuair a bhí siad tamall beag imthigthe amach tháinig faithcíos ar an mháthair agus rith sí amach go dtí n tobar le feiceál a raibh siad ann. Bhí páiste an duine eile caithte san tobar ag a páiste fhéin ag féachaint síos uirthi. Thóg an bhean a pháiste fhéin agus caith sí síos san tobar í ar fhaitchíos go mbeidh milleán uirthi. Bhí an beirt páistidhe báidhte annnsin agus tháinig sí isteach ag caoineadh agus ag (buaileadh) bualadh a bois le ceile. Suidh sí síos annsin agus bhí sí beagnach as a mheabhar. Shiubhal an beirt páistidhe isteach cuichi agus iad tirm. Deirtear gur(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Mac an Bháird
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Paiste, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Nic Bháird
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- An Paiste, Co. na Gaillimhe