Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)

Suíomh:
Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraic Ó Séadhacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 136

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 136

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 136
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann i bhfad ó shoin i gCondae na Gaillimhe agus 'sén maoin a bhí aige (is bhí sé bródhamhail asta) na gabhar, asal, roinnt cearca, teachín beag tuighte agus píosa beag talmhan sléibhteamhail. Ní raibh fear eile i gConndae na Gaillimhe níos sonasaigh na é mar bhí gabhar aige cun bainne a thabhairt do, bhi cearca aige, cun uibheacha a thabhairt do, thug an teachín fasgadh do agus fuair sé coirce agus prátaí as an píosa beag talmhan do bhí aige, ionnas go raibh a sháith le n-ith aige i gcómhnuidhe.
    Bhí sé comh sásta seanmhar 's gur bháistiugh na chómharsana "An londubh" air mar leasainm, óir, cloistheá é ag gabháil amhráin agus ag feadghail ó bhreacadh an lae go dtí dul síos don gréin. Bíodh go bhfuair sé bris no go dtáinig an mí-ádh air cuir sé suas leis is níor bhac sé leis nó ní dearmaidh sé gearán na clabhsán ar rud ar bith a thug dia dó.
    "Bíonn maitheas in gach rud a dtugann dia dúinn" a deireadh sé, agus bhi a shliocht sin air, cuir sé suas leis an mí-ádh ar nós an t-ádh. Anois, in aice leis an áit in a chómhnuigh "An Londubh"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Mac an Bháird
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Paiste, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Labhras Ó Maolciarán
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe