Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)

Suíomh:
Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraic Ó Séadhacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 126

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 126

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 126
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó nuair a bhí Naomh Pádhraic in Éireann deirtear gur tháinig sé go Buidhe-Abhnach áit atá suidthe thoir-thuaidh de Co na Gaillimhe. Cuir sé teampull ar bun ann agus tar éis céad bliadhain no mar sin tháinig bráithre go dtí Buidhe-Abhnach agus cuir siad mainistir ar bun ann. Bhí duine in a mheasg agus bhí sé seafóideach. Bhí na bráithre go han mhór le na céile.
    Lá amháin nuair a déirigh na bráithre do mhothuigh ceann aca go raibh a bhróga imthighthe. Do cuarthuigh siad gach áit acht ní raibh siad le fághail. Sa deire leag siad an milleán ar an duine seafóideach agus bhí sé in a gcruaidh-chás. Uaidh sin amach ní raibh na bráithre comh mór le céile agus bíodh siad ag troid go minic i dtaobh na bróige. Lá amháin nuair a bhí na bráithre ag ithe a mbreicfeasta bhí siad ag cainnt ar na mbrógaibh agus tháinig stráinséar isteach cucha agus d'iarr sé ortha cad é an fáth a bhí siad ag troid. D'innis siad do agus annsin shín sé a mhéar suas go dtí an maide - ceangail agus chonnaic siad na bhróga
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Mac an Bháird
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Paiste, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Liam Mac an Bháird
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Paiste, Co. na Gaillimhe