Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)
- Suíomh:
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Séadhacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)treabhadh."
Tá sé ró dheirennach anois le síol a cur" a dubhairt an Cráidhteachán. "Dheamhan blas adeir an londubh, "is gearr a bhéas sé ag fás airíst, déan gáire ar an mí-ádh agus ní bhacfaidh se leat feasta." "Ó, is breágh leat a bheith a' caiint mar sin," ars an Cráidhteachán. "Dá mbeadh tuse mar atáin - se is ar an taobh eile de do bhéal a bhéad an gáire, níl bainne ag mo ghabhar, níl ulbheaca ag mo chuid cearca, tá mo chapaill bacach, agus an ceann breagh sleachtmar do bhí ar m'teachta sé ag tuitim anuas orm."
"Ó" adeir an londubh "Éirighigh suas a dhuine chóir, is na bach leis sin, b'fheárr leat a bheith faoi'n gcré na a bheith ag tabhairt áird mar sin don mí-ádh, roinnfidh mise mo chuid maoin is mo chuid stór leat no go dtiocfaidh amanta níos fearr, agus mo bheannacht leis". "Ó, go deimhin ni iarraim nó ní glacfainn deirce ó éinne" ars an Cráidhteachán, "Má tá tusa ar marcuígheacht ar bhárr an domhain, ná ceap go bhfuil tú cun siubhal orm-sa". Sé seo an méid buidheachais a fuair an londubh croideamhail. (Féach leath 152)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Mac an Bháird
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Paiste, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Labhras Ó Maolciarán
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe