Scoil: Lisín na hEilte (Buachaillí)
- Suíomh:
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Séadhacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus déirigh a asailín beag comh mór láidir sin gur neart chapaill a bhí ann is do bhí sé i ndán an oireadh obair a dhéanamh is a dhéanfadh capall. Tig leat a rádh gur annsin a bhí "An londubh" ag feadghail i gceart agus 'sé a deireadh na comharsanna leo féin is iad a' bhreathnú ar a chéile. "Nach éadtrom an croidhe atá ag "an londubh" agus le fíor áthas in a gcroidhthe crom siad ar a gcuid oibre airíst. Acht ag filleadh arais don "Cráidhteachán" bocht is anois thar ariamh a bhí cúis gearáin aige. Chuaidh sé thart go brónach a'caoi is ag síor machnamh ar gach mí-ádh a tháinig anuas air ó gach taobh. Lá amháin is é a' caradh "An londubh" ar an mbóthar. Dubhairt sé go brónach leis "is sonósach séanmhar an duine tusa, samhluigheann sé go bhfuil gach huile sórt ag éirigh go maith, leat, go dén chaoí bhfuil sé cor a bith breathnuigh ar do pháirc glas breag, lán d'coirce is seagal is mo pháircín lom garbh gan tada ag fás ann ach neanntóga is fiadhaile." "Bhéarfaidh mé m'asal ar iasacht duit" arsa an londubh, "agus uair ar bith a bhéas uair le spáráil agam cabhreóchaidh mé leat an gort a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máirtín Mac an Bháird
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Paiste, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Labhras Ó Maolciarán
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe