Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus thug síad gach phinghinn de'n airgid leó.
Bhí an driosúr lán de ghreithre ag Dionnóg agus cheap sí go raibh an teach ag breathnú go deas. Shíl sí go mbeadh áthas mór ar Dómhna[ll] núair a chífeadh sé na soithigh a bhfúair sí ar an airgead. Núair a chúala Dómhnall an sgéal bhuail sé a dhá bhos lé chéile agus arsa sé "Ó mo chuid airgid. Nár dhúbhairt mé leat gan aon lámh a chur air". "Níor leag mé aon lámh air ar sise acht theasbáin mé an áit dói[bh] agus thógadar é". "Ó nach mairg bheith pósta ag óinseach" ar seisean "céard a dhéanfhas mé". "Leanfaimíd íad ar sise agus b'éidir go dtiocfaidh muid súas leó".
Núair bhí síad tamall maith ó'n dteach chuimhnigh Dómhnall nár dhúnadar an doras. "Téigh ar ais ar seisean lé Dionnóg agus tarrain[g] an doras id' dhiaidh". Chuaidh sí ar ais. Rug sí ar an doras agu[s] tharraing sí amach in a díaidh é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Glinn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Abart, Co. na Gaillimhe