Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal. Goll Mór - Rí Alban agus Mac Rí ÉireannCloiseann mac rí Éireann faoi Goll mór, rí Alban, - gur fear é nach leigfeadh faithchíos do dhuine ar bith a dul ina aice. Ní stopann sé go dtagann sé chom fada leis. Tá sé sgríobhtha ar claidheamh Mach Rí Éireann gur mharbhuigh sé na mílte. Ar a fheiceál sin do Goll Mhór tá faithchíos a dhóthain air roimhe. Ach deir sé ina intinn fhéin go dtríallfaidh sé a neart.
Tugann sé leis i dtosach é dhá fhéachaint fhéin le bearra mór iarainn. Deireann mac Rí Éireann gur gabha athá ina athair agus go bhfeileann an bearra iarainn go bréagh dhó agus leigeann air fhéin go bhfhuil sé a dhul a chaitheamh síar go h-Éireann aige. Ach cuireann an fathach - Goll mhór - impidhe air gan an bearra a chorruighe - ba le na shean athair é agus níor mhaith leis sgaire leis.
Lá ar na bhárac tugann sé ar an gcoill é go ngearrfadh sé crann agus go dtugfadh sé leis(leanann ar an chéad leathanach eile)