Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
Fear a bhí pósta lé óinsighBhí fear ann úair amháin agu[s] Dómhnall ab'ainm dó. Bhí sé pósta lé bhean darb' ainm dí Dionnóg. Bean leibideach dob eadh Dionnóg acht ní raibh a fhios sin ag Dómhnall núair phós sé í. Shíl sé gur bean chríonna chruaidh a bhí inntí.
Chuaidh Dómhnall amach ag obair maidin amháin agus ar a dhul amach dhó dúbhairt sé lé Dhionnóg dinnéar maith a bheith réidhtighthe d[ó.] Dúbhairt sí go mbeadh agus thosuigh sí ag obair. Chuir sí píosa dea[s] mairtfheóla síos san frioctán dá róstadh. Chuaidh an bhean síar sa seomra. Bhí mada sa teach agus rug sé ar an píosa feóla agu[s] amach an doras leis. Is annsin do chuimhnigh Dionnóg ar an fheóil. Rith sí in dhiaidh an mhada ach[t] ní raibh sí in ann teacht súa[s] leis. D'fill sí ar ais arís. Núa[ir] a tháinig Dómhnall isteach chuig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Glinn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Abart, Co. na Gaillimhe