Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)II Sgéal.
Cómhairle Dómhnaill Uí Chonaill.Bhí dhá tígh ósta í mBaile Átha Clíath úair amháin. Bhí fear teach amháin acú an-shaidhbhir, agus bhí fear an chinn eile an-bhocht. Tháinig Dómhnaill go teach ósta an fhir boicht lá amháin ar lorg lóisdín. Dúbhairt an fear bocht leis nach raibh seomra feileamhnach lé fear mar é a chur súas. D'íarr sé air cer'bh é an fáth, agus dúbhairt sé go raibh fear an tíghe ósta eile ag tabhairt lóisdin do na taisdealaigh go léir, agus nach raibh duine ar bith ag teact chuige. "Fan," arsa Dómhnall, "an bhfuil aon tincéirí in aice na háite." "Tá" arsa an fear. "Bfell," arsa Dómhnaill, "bíodh beirt acú annseo i mbárach, agus íad gléasta mar daoine úaisle.
Bhí na tincéirí sa teach ósta roimh Dómhnall an lá ina dhíaidh sin. Thug sé airgead dóibh agus dúbhairt sé leó fanacht seachtmhain i dtíghe óiste an fhir saidhbhir, agus thug sé a lán cómhairlí dóibh freisin. Chúaidh na tincéirí go dtí na teach ósda agus thugadar leó stáin- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Ceannaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Doirín, Co. na Gaillimhe