Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
Gáirdín na BrideógaBí duine uasail fadó agus fadó bhí, agus bhí triúr mac aige. Bhúaileadh an t-athair súas tinn agus ní raibh inann é a leigheas acht trí úbhla amach as gáirdín na brídeóga. Dúbhairt an mac is sine an lá seó raghaimíd ar maidin amáireach síos chuig na trí bóithre atá annsin shíos go bfhághaimídh amach gáirdín na brídeóga. Dúbhairt an mac is óige leis an mac is sine; "Faoí ceann lá agus blíadhain ó'n lá indhiú an triúr againn teacht lé chéile annseó arís. Thóg an triúr acú bóthar an duine anois. D'imthigh an lead is óige agus bhí sé ag imteach [!] agus ag síor-imtheacht gur bhain an oidhche an lá dhe. Chonnaic sé solus uaidh istigh i gcoill agus rinne sé air. Bhí sean-bhean chríona annsin roimhe i mbóthainín beag agus d'íarr sé lóisdín go maidin "Béarfaidh mise sin duit agus fáilte" a deir sí, "acht bhfuil dochair íarraidh ort cá bhfuil tú a' dhul. "Bfell níl" a deir sé. "Tá mo athair búailte súas agus níl leigheas air go bfághfhadh sé trí úbhla amach as gáirdín na brídeóga. "Bhfell níl(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Catháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lios an Uisce, Co. na Gaillimhe