Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua (C)
- XML Leathanach 117
- XML “Scéal - Liam Mac Fhlannacha agus an Fóidín Mearbhaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cúpla bliadhan ó shoin bhí fear as Sean Bhóthar san gceanntar so ag dul a bhaile ó Bhaile Mainistreach go mall san oidhche. "Liam Mac Fhlannacha a bhí mar ainm air". Ar a bhealach abhaile dó, sheas sé ar an "bhfóidín mearbhaill". Chonnaic sé teach beag ar thaobh an bhóthair agus é lán lé solas.Isteach leis agus bhúail sé ar an doras. Tháinig cailín álainn súas agus d'fhoscail sí é. "Tar isteach a fhir bhoicht agus suidhe síos" adeir sí leis. Do shuidhe sé cois na teine. Bhí slúagh mór daoine san dteach agus íad ag damhsadh agus ag amhránuigheacht. Bhí seanfhear i gcoirnéal in aice na teine ag caitheamh tobac. "An tusa Liam Mac Fhlannacha" adeir sé leis an bhfear. "Cén chaoi bhfuil d'athair agus do mháthair". "Go maith" arsa (mise) Liam, an bhfuil aithne agat ar mise". Níl arsa Liam. "Is mise Seán Phait Ó Conchubhair. Cailleadh mé fiche blíadhna ó shoin, nuair a ghoid na sidhe-óga mise leo agus táim i ngreim acú ó shoin".Thug an cailín ar osgaill an doras(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Maitiú Sionúir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Mhainistir, Co. na Gaillimhe