Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Bean Mhic Conchoille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 096

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 096

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua (C)
  2. XML Leathanach 096
  3. XML “Scéal - An Pota Óir atá i bhFolach sa tSeanmhainistir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal.
    An pota óir atá i bhfolach san t-sean mhainistir.
    Tá sé ráidhte go bhfuil pota óir i bhfolach in áit éicint san t-sean mhainisti[r] ach níl fhios beact [< beart] cé'n áit sá mhainisti[r] a bhfuil sé. Bhí beirt dreithéar ina gcómhnuidhe i mbaile fearainn i "Dún Bheag" i bparóiste Mainistreach. Tháinig brionglóid ac[ú] oidhche dá gcúartuíodh síad in áit áirithe sa mhainistir go bhfuigheadh síad an t-ór ann. Tháinig an brionglóid céadhna ag beirt fhear eile i Mainistir ach bheadh ortha-san áit eile sa mhainistir a chúart lé linn an Aifrinn a bheith dhá rádh Dia Dómhnaigh a bhí ar chaon cuid áit a dul a rómhar. Tháinig an bheirt eile as Dún Bheag agu[s] thosuigheadar ag rómhar ina áit fhéin agu[s] tháinig an bheirt eile agus thosuigheadar a[g] cúrtadh in áit eile. Ní raibh fhios ag aon bheirt acú go raibh an bheirt eile ann.
    Bhí fir Dúin Bhig a rómhar go dtáinigeadar ag leac mhór. Bhí duine acú ag crochadh aníos na leice núair d'airigh síad an gleó faoí'n leic. Seo aníos cú agus amach léithe thrí cheann de na fuinneógaibh. D'fhéach sí isteach ortha. Isteach léithe arís trí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mairtín Mac Oirealla
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Mhainistir, Co. na Gaillimhe