Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua (C)
- XML Leathanach 113
- XML “Scéal - An Bhó Sí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal – An Bhó Sí
Bhíodh duine bocht a dul thart fadó ag iarraidh déirce. Bhí teach ann a bhfáigh-eadh sé deoch bainne i gcóinnuidhe ann, acht nuair tháinic sé isteach an tá sei dúbhairt bean a’ tighe nach raibh aon deoch bainne aicí le thabhairt dó. Ní raibh aon bhó acu acht bhí laugh acu a dúbhairt sí agus nach raibh aon lá nach dtagadh bó ag tabhairt duíl don laugh agus n-imitheochadh léiriú arís. Fuair an fear-deírce maide coll anois (ní fhéadhdaidh na daoine maithe aon díobháil a déanaim do duine a mbeadh maide coll aige) agus do lean sé de lean i ngreim ina ruball.
As go bráith leis an mbó agus eisean i ngreim ar a ruball i gcóinnuidhe go dtáinic sí isteach in áit a raibh go leór beitheidheach agus bhó a sgaoileadh agus go bhféadhfaidh sé a rogha sgaur sé leis an mbó gur thug sé ar ais abhaile ag an mnaoí seo i. D’fhan an bó aicí uaidh sin amach.