Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sionnach Bán na n-ocht gcos.
SgéalBhí duine uasal ann fadó agus fada do bhí, é féin agus a bhúachaill. Bhí gadar acú a raibh fios aige. Dubhairt an duine uasal leis an mbúachaill na capaill a fháil réidh go raibh sionnach thart an teach mór i gcaitheamh na h-oidhche. Fúair sé réidh íad agus amach leó ag fíach agus ghearr bhí síad amuigh núair rith an sionnach amach rompa. Bhí síad ag fíach i gcaitheamh an lae gur bhain an oidhce an lá díobh.
Sheas an duine uasal súas agus dubhairt sé leis an bhúachall nach raibh fhios ar an domhan aige cá raibh sé. Ní raibh me in aon áit ariamh nach raibh fhios agam cá mbím. Níl muid deic slat is fiche ó Geata "Demain". Más é sin é ars an duine uasal, Tagamíd isteach san "avenue". Chúaidh síad isteach ann íad féin agus na gadhair. Connaich síad teach an duine uasal uatha. Núair tháinig síad chuig an {yard} tháinig buachaill an duine uasail sin amach chuca. D'íarr an duine uasal a raibh ag fíach an mbeadh áit aige a chuireadh sé na gadair go maidin. Dubhairt an búachaill leis go gcaitheadh sé cead a iarraidh ón Mháighistir. Chuir sé fios isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)