Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Bean Mhic Conchoille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 100

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 100

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua (C)
  2. XML Leathanach 100
  3. XML “An Fear agus an Deargdaol - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Fear agus an Dearg-Daol.
    Sgéal.
    Bhí fear ann fadó agus bhí aon mhac amháin aige. Níor réidhtigh síad lé chéile chor ar bith. Lá amháin dúbhairt an mac leis féin go rachadh sé ag saothrú airgid tó féi[n.] Go Lonndain a chúaidh sé, agus shaothruigh sé a lán airgid. Ní raibh sé i bhfad ann núair phós sé bean saidhbhir, agus bhí teach mór aicí. Núair chúala an t-athair go raibh an mac pósta chuaidh é féin go Lonndain. Taréis tamaill fúair sé fios ar theach mhó[r] a mhic.
    Lá amháin sheas sé ag a gheata, agus núair chonnaic an mhac é d'aithnigh sé é. Chuir sé a bhean amach chuige lé fhághail ama[ch] céard a bhí uaidh. Chúaidh a bhean amach chuige agus dúbhairt an t-athair gurbh é fear an tíghe a bhí ag teastáil uaidh. "Amach leat arís agus abair leis bheith ag imtheacht ó'n ngeata go tapaidh." Acht ní imeóchadh sé mar ní raibh uaidh acht fear an tíghe a fheiceál. Ní rachadh an mac amach chuige in aon chor acht thug sé deich sgilling dí chun é a thabhairt dó acht ní glacfadh sé uaithí é, mar n[í] raibh uaidh acht fear an tighe a fheiceál. Púnt a thug sé dí acht d'eitigh sé uaithí í mar ní raibh uaidh acht fear an tighe a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Seachnasaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Maighin, Co. na Gaillimhe