School: Baile Nua (C) (roll number 16803)
- Location:
- Newtown, Co. Galway
- Teacher: Bean Mhic Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus thug síad gach phinghinn de'n airgid leó.
Bhí an driosúr lán de ghreithre ag Dionnóg agus cheap sí go raibh an teach ag breathnú go deas. Shíl sí go mbeadh áthas mór ar Dómhna[ll] núair a chífeadh sé na soithigh a bhfúair sí ar an airgead. Núair a chúala Dómhnall an sgéal bhuail sé a dhá bhos lé chéile agus arsa sé "Ó mo chuid airgid. Nár dhúbhairt mé leat gan aon lámh a chur air". "Níor leag mé aon lámh air ar sise acht theasbáin mé an áit dói[bh] agus thógadar é". "Ó nach mairg bheith pósta ag óinseach" ar seisean "céard a dhéanfhas mé". "Leanfaimíd íad ar sise agus b'éidir go dtiocfaidh muid súas leó".
Núair bhí síad tamall maith ó'n dteach chuimhnigh Dómhnall nár dhúnadar an doras. "Téigh ar ais ar seisean lé Dionnóg agus tarrain[g] an doras id' dhiaidh". Chuaidh sí ar ais. Rug sí ar an doras agu[s] tharraing sí amach in a díaidh é(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Glinn
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Abbert, Co. Galway