Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Bean Mhic Conchoille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 118

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 118

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua (C)
  2. XML Leathanach 118
  3. XML “Scéal - Liam Mac Fhlannacha agus an Fóidín Mearbhaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    deoch dó agus núair a bhí sé ólta aige, thug sean Phait Ó Conchubhair deoch eile dhó. "Seo dhuit agus ól súas é, ar sé. "Slainte agus saoghal agat, bean i do thoil agat, airgead síos agat, agus talamh gan cíos agat". Taréis tamaill thuit a chodhladh ar Liam. Núair a dhúisigh sé ní san teachaín beag a raibh sé ach sínte ar cnoicín glas féarach lámh leis an roilg atá in aice fothracha an Sean-Mhainistreach.
    Deirtear gur iomdha duine ar sheas ar an bhfóidín mearbhaill san áit sin agus ar chaith an oidhche ag dul amúgha. Creidtear go mbíonn na daoine maithe ag déanamh spraoí ann agus bíonn ceól uaigneach le cloisteál ann go minic san oidhche. Ní íongnadh nach dtaithnigheann an áit sin lé daoine go mall san oidhche.
    Maitiú Sionúir, Mainistear, Béal-Átha-Gluínín
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Maitiú Sionúir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Mhainistir, Co. na Gaillimhe