Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear go bfuil óir i bfolach i sean coiléar san gceanntar seo agus bhí brionglóid ag fear san mbaile seo againne faoí. Cheap se go raibh fear gá ghoid agus dúbhairt se go ndéanfadh sé a dhícheall chun é a fhághail dó fhéin.
Níorbh mhaith leis a rún a insint do aoine act mar sin fhein thosuigh sé ag rómhar san coiléar i ngan fhios do na cómharsana. Níorbh fhada dó ag rómhar no go bhfaca se saghas snáthadh ag dul síos sa talamh. Níor thug sé aon áird ar an rud sin act lean sé de'n rómhar. Sa deire thainic sé go sgrádh roighin agus cheap sé go raibh an t-ór aige, acht, ní raibh. Núair ghearr sé é léam cat mór buidhe amach agus thug fogha faoí, agus bhain stíal mór as a leiceann. As go bráth leis an bhfear agus níor bhac se leis an t-ór arís. Chúaidh an cat síos ins an poll agus deirtear go bhfuil an t-ór gha chosaint aige fós.- Faisnéiseoir
- Mairtín De Róiste
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Maighin, Co. na Gaillimhe