Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua (C)
- XML Leathanach 115
- XML “Scéal - An tSeanbhean nach Raibh aici ach an tAon Phaidir Amháin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dara driothár súas sa seomra agus chonnaic sé beirt gárda ann. Agus núair dféach an tríur driothár súas chonnaic sé triúr ann. Bí an teasbaínt fágtha acú ó Dhia agus d'eirigh síad as a ngaduidheacht uaidh sin.
D'imthigh leis an t-seanbhean ar maidin agus casadh fear ar an mbealach duithe. Tháiniceadar isteach i dteach in éindí. Bhí páisté i gclíabhán ann. Núair fúair an fear so deis chúaidh sé agus thacht sé an páiste sa gclíabhan. Bhí úathbás ar an t-sean-bhean - Shíl sí go gcrochfaidhe an bheirt acú. Dimthigheadar leofa. Táiniceadar súas lé fear a bhí ag droichead. Rug mo duine ar dhá chois air agus chaith sé isteach san abhann é gur báitheadh é. D'fíafruigh an t-sean-bhean de anois cén t-úghdar bhí aige lé sin a dhéanamh agus leis an páiste a mharbhú. Dúbhairt seisean go raibh an fear sin a bháith sé lé fear eile a mharbhú ambhárach dá mhaireach sé; go mbeadh sé damnuighthe dá ndéanfadh sé sin ach go raibh sé sábháilte anois. Agus chuir sé an páiste den saoghal mar dá mhaireadh seisean beadh a athair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Sionnaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Fiodh Thiar, Co. na Gaillimhe