Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua (C)
- XML Leathanach 114
- XML “Scéal - An tSeanbhean nach Raibh aici ach an tAon Phaidir Amháin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéul
An t-sean-bhean nach raibh aicí acht an t-aon paidir amháinBíodh an t-sean-bhean seó ag imtheacht roimpí ag íarraidh déirce. 'Se a n-abruiodh sí de phaidreóireacht aon phaidir geárr amháin ach deireadh sí é sin go minic - "An t-Athair agus an Mac agus an Spioraid Naomh go mo chúdach ó indhiú go dtí blian ó indhiú"
Casadh isteach i dteach í oidhche agus d'íarr sí lóisdín go maidin ann. Fúair sin agus chuaidh sí a chodhladh i seomra a bhí ann. 'Séard a bhí ann teach ruballachaí - triúr mac a bhí ann agus an t-athair. Bhí an tathair i gcómhnuidhe a guidhe Dé teasbáint éign a thabhairt dóibhtha a chuirfheadh ar bealach a leasa íad.
Shocruigh an triúr mac anois go marbhóchadh síad an t-sean-bhean núair a gheobhfaidís ina codhladh í. Síar lé duine acú go doras an-t-seomra agus d'féach sé isteach trí pholl an ghlais. Céard dfeicfeidh sé ach gárda, gunna ina láimh aige agus é gléasta i gculaith geall, a' siúbhal súas agus anúas lé taobh an leapth[a.] D'innis sé é leis an driothár eile. Déach [> Dféach] an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Sionnaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Fiodh Thiar, Co. na Gaillimhe