Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhíonns an cat amuigh bíonn an luch ag rinnce.
Briseann an nádúr tré shúilibh an chait.
Is fearr bail ná iomad.
Is fearr féachaint romhat ná féachaint in do dhiaidh.
Is furusta leanbh a ghrádhughadh le na mháthair.
Ní thagann ciall roimh aois.
Ní ghabhann neart cearc.
An té nach ndéanann a ghnótha in am beidh sé ina plé sáim.
Píosa den mhuc a drioball.
Innsigh dom do chomhluadar is beidh fios agam cé tú féin.
An té a bhíonns i bhfad amuigh fuaraigheann a chuid.
Bean mic agus máthair chéile cat agus luch ag magaidh a chéile.
Níl aon ghreim ar an gcloch ó chaitear í.
Más feall fillfear.
Is maith an t-annlan é an t-ocras.
Ualach Giolla na Leisge.
Bionn fán agus seachrán ar cuartuig na mbothán.
Chuir sé a shúile thar a chuid.
Tagann adhdaire duitse gann.
Níor dhúin Dia bearna ariamh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Máille
- Inscne
- Fireann