School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a bhíonns an cat amuigh bíonn an luch ag rinnce.
Briseann an nádúr tré shúilibh an chait.
Is fearr bail ná iomad.
Is fearr féachaint romhat ná féachaint in do dhiaidh.
Is furusta leanbh a ghrádhughadh le na mháthair.
Ní thagann ciall roimh aois.
Ní ghabhann neart cearc.
An té nach ndéanann a ghnótha in am beidh sé ina plé sáim.
Píosa den mhuc a drioball.
Innsigh dom do chomhluadar is beidh fios agam cé tú féin.
An té a bhíonns i bhfad amuigh fuaraigheann a chuid.
Bean mic agus máthair chéile cat agus luch ag magaidh a chéile.
Níl aon ghreim ar an gcloch ó chaitear í.
Más feall fillfear.
Is maith an t-annlan é an t-ocras.
Ualach Giolla na Leisge.
Bionn fán agus seachrán ar cuartuig na mbothán.
Chuir sé a shúile thar a chuid.
Tagann adhdaire duitse gann.
Níor dhúin Dia bearna ariamh(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó Máille
- Gender
- Male