Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tháinic sé isteach ar ghualnaibh daoine agus chuaidh sé amach mar shíoda.
Móin.
Bíonn sé sa mhóinéar agus ní ghearrtar é, bionn sé san abhainnn agus ní bháidhtear é is bíonn sé sa siopa is nó dhíoltar é.
Gath gréine.
Ní fuil is ní feoil is ní cnámh é ach is ar fhuil is ar fheoil d'fhás sé; bain an ceann de is gléas deoch dó agus dhéanfadh sé réiteach idir dhá namhaid.
Cleite peann.
Each caol dubh agus a tóin le aill is í ag cangailt gráinn go tuigh.
Muillean.
Muillean agus mullach air agus coill ina mhullach sin agus dhá chéad ropaire ag ropadh na coille sin.
Do chloigeann.
Fuair mé neadín ar shliabh san áit nach bhfuil aoinne ariamh lubín taisge mo chroidhe. Sin tomhais orraibh mhuinntir an tighe.
Nead a bhí i gcluais bó.
Trí chosa in airde dhá chois ar thalamh ceann an duine beo i mbéal an duine mhairbh.
Pota ar cheann duine.
Chuir mé mo chaoirín lommra lommra suas go baile bhigire bhigire ní raibh cloch ná claidhe dá raibh i mbaile bhigire bhigire nár thuit anuas ar mo chaoirín lommra(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Bhriain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe