School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loch Conaortha, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 040

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 040

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Page 040
  3. XML “Tomhasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tháinic sé isteach ar ghualnaibh daoine agus chuaidh sé amach mar shíoda.
    Móin.
    Bíonn sé sa mhóinéar agus ní ghearrtar é, bionn sé san abhainnn agus ní bháidhtear é is bíonn sé sa siopa is nó dhíoltar é.
    Gath gréine.
    Ní fuil is ní feoil is ní cnámh é ach is ar fhuil is ar fheoil d'fhás sé; bain an ceann de is gléas deoch dó agus dhéanfadh sé réiteach idir dhá namhaid.
    Cleite peann.
    Each caol dubh agus a tóin le aill is í ag cangailt gráinn go tuigh.
    Muillean.
    Muillean agus mullach air agus coill ina mhullach sin agus dhá chéad ropaire ag ropadh na coille sin.
    Do chloigeann.
    Fuair mé neadín ar shliabh san áit nach bhfuil aoinne ariamh lubín taisge mo chroidhe. Sin tomhais orraibh mhuinntir an tighe.
    Nead a bhí i gcluais bó.
    Trí chosa in airde dhá chois ar thalamh ceann an duine beo i mbéal an duine mhairbh.
    Pota ar cheann duine.
    Chuir mé mo chaoirín lommra lommra suas go baile bhigire bhigire ní raibh cloch ná claidhe dá raibh i mbaile bhigire bhigire nár thuit anuas ar mo chaoirín lommra
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Bhriain
    Gender
    Female
    Address
    Loch Conaortha, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Bhriain
    Gender
    Male
    Address
    Loch Conaortha, Co. Galway