Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 278
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus béigin do na daoine an t-airgead a tabhairt dith. As sin amac is minic a tug go leór daoine iarracht ar an leimh sin a caitheamh, ach ní raibh aon duine i n-an i a caitheamh. Tá an portac sin ann fós agus sí an t-ainm atá ar an áit timcheall ar na leimh Brighidh Ní Casaidhe. Deírthear go raibh sí an laidhir freisin agus go raibh sí n-an gac fear agus bean timcheall na h-áite seo a leaghan.VIII
Bhí fear na comnuidhe i gCill Ciaráin fádo. Sé an t-Ainm a bhí air na Pádraic Ó Donnchadha ní raibh aon duine tart timceall na h-áite seo cómh luath leis. Bhí sé n-an conáil suas le chapall agus í ag rith rasaí . Bhí sé n-an dul amac agus breith ar giarraid uair ar bith ar maith leis. Acht an lá ar pós sé dubhairt sé le na bean go raibh sé ag dul amac ag iarraid giarraid le h-agaid an d' inéir. Nuair a chónnaic sé é ní raibh sé n-an rith. Mar dubhairt sé leis féin go raibh sé na Seán féar níos mo. As sin amac ní raibh sé n-an aon rith a déanamh, agus gac áit dá racfad sé bíodh sé ag cainnt leis féin agus ag rád go raibh sé ag éirig sean. Bhí an oiread brón air nac raibh sé i bfád go bfuair sé bás. Déirtear nac raibh aon feár na aon duine timceall na h-áite seo cóm máit leis tamall dhá saogal, acht chuaidh sé cómh mór air is go bhfuair sé bás- Bailitheoir
- Bairbre Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe