Scoil: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove) (uimhir rolla 12138)
- Suíomh:
- Ceathrú na Lathaí, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó hAnnracháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siad seo na sean-focla is coitianta a bfuil sa ceanntar seo -:
1. "Is minic a bhain fear slat le é féin a bhualadh"
2. "Aithnigeann cíaróg, ciaróg eile", nó mar adeireann daoine áirithe "Fagann ciaróg, ciaróg eile amac".
3. "Is fearr an sláinte ná na táinte" adeirtear nuair a mbíonn aoinne ag gearrán fá cruadhtan an tsaoigil.
4. "Is glas iad na cnuic i bfad uainn".
5. "Bíonn cloch reatha gan caonach".
6. "Cuir síoda ar ghabhair agus bíonn sé ina ngabhair i gcomhnuidhe".
7. "Is goire cabhair Dé na an doras" adirtear nuair a mbíonn triublóid ar dhuine.
8. "Naipcín póca ag an rógaire dubh, ?os ina phóca le bliadhan san (ón) lá indiu".
9. "Crúisgin mór fada, agus bainne i bfad síos ann".
10. "Is fearr éan sa lámh ná dhá cheann sa tor".
11. "Oineach Uí Bhrían is a dá shúil 'na dhiaidh".
12. "Ní théigheann cuileóg san mbéal a bhíos dúnta".
13. "Lá ar éigin 'sead féachtar an caraid is fearr".
14. "Is bige osgail do mheabhair, 'gus bhailigh an fogluim leat, Óir an glóir nach dtuigeann an ceann, is cuma é ann nó as".
15. "Caile gan mé a tarraing an méid sin".
16. "Tar éis an stoirm tagann an suaimhneas".(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nich Eathach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bheitheach (Browne), Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Cinnéidí
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- An Bheitheach (Browne), Co. na Gaillimhe