Scoil: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove) (uimhir rolla 12138)
- Suíomh:
- Ceathrú na Lathaí, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó hAnnracháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí lochan thíos i nAill. Bhí an stóla ag an sagart agus bhí na saighdiúra ag rith ina dhiaid agus chaith sé an stóla isteach sa lochan. Bhíadh na géana ríoghach á' teacht ar an lochan an t-am sin. Bhí fear seacht tseachtmhaine ag faire orra go gcaiteadh sé orchar leó, ach ní fhéadfadh sé ceann acu a mharbhu.
Tháinig guth ós a chinn ins an aer lá. Dubhairt an guth leis gan iad a mharbhu. Dubhairt sé leis an guth go marbhóchadh sé iad nó go gcailleadh sé a anam. Chuaidh sé abhaile annsin agus chaith sé seacht mbliadhna ar a leabaidh. Nuair a bhí na seacht mbliadhna chaithte tháinig coileach beag bán agus sheas sé ar an dtroisleán agus léig sé trí sgreid.
D'éirigh an fear a bhí seacht mbliadhna ar a leabaidh agus chuaidh sé amach ag obar. Nuair chuaidh sé amach tháinig a athar isteach. Chuaidh sé a codhlad agus cailleadh é la ar na bhárach. Chuaidh an fear óg go h-Amaraca ina dhiaid sin agus mhair sé na bliadhanta ann. Dob é Tómas Healy ainm an fear óg.- Bailitheoir
- Máirtin Ó Maoldhomhnaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na Lathaí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Maoldhomhnaigh
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 74
- Seoladh
- Ceathrú na Lathaí, Co. na Gaillimhe