Scoil: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove) (uimhir rolla 12138)

Suíomh:
Ceathrú na Lathaí, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó hAnnracháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0040, Leathanach 0422

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0040, Leathanach 0422

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove)
  2. XML Leathanach 0422
  3. XML “Sneachta Mór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá sé fiche bliadhan ó shoin beagnach ó'n a raibh an sneachta mór ann. Bhí sé ag cur sneachta ar feadh cúpla seachtmhaine agus annsin thosuigh sé ag chur seacha. Cúpla seachtmhaine roimh an Nodlaig a thosuigh sé ag cur sneachta agus ní raibh na daoine i n-ann a dhul go dtí an margad chun a gcuid géana a ndíol. Ní raibh na daoine i n-ann a' teastal ar na bóithre chor ar bith le cárr nó cart nó aon rud eile.
    B'éigin dóibh a shuibhal go gach uile áit a mbéidís a dhul acht ár ndóigh ní raibheadar i n-ann a' suibhal go gach uile áit chor ar bith go dtí gur thosuigh sé ag cur seacha agus go raobh an sneachta cruaidh. Is maith is cuimhin liom ar an am a fuair Micheál Ó Ceallaigh as Gardenfield bás. Bhí sé i lár an droch-aimsear seo.
    B'éigin dúinn an cófra a iomchur gó Cill Clúnaidhe ( Killclooney ) áit ina bhfuil roilig mar ní raibh cárr nó cart i n-ann a' teastal ar na bóithre an t-am a fuair sé bás.

    Máire Ních Eathach,
    Beathadhach,
    Ceathramha na Lathaigh
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. sioc agus sneachta (~299)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Níc Eathach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Bheitheach (Browne), Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Cinneidí
    Inscne
    Fireann
    Aois
    77
    Seoladh
    An Bheitheach (Browne), Co. na Gaillimhe