Scoil: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove) (uimhir rolla 12138)
- Suíomh:
- Ceathrú na Lathaí, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó hAnnracháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí aithne agam ar fear eile freisin d'ár bhainm dó Miceál Mac Aodha no Mike Cáit a tugtaoi air mar leasainm as "Baile na Gaoithe" (Graigeuchullaire) lámh le Dún Mór agus shiubhaladh sé go Baile Átha Cliath gach uile bhliadhain a bhíodh sé ag dul go Sasana mar spailpín. I mí na Márta nó mar sin bhuailfeadh sé amach ar an mbóthar agus cúpla cácaí déanta as min choirce i mála aige mar is iad sin na saghas cácaí a choingeóchadh an t-ocras uait. Bhéadh sé seachtmhain nó mar sin ar an mbealach agus nuair a shroicfeadh sé Baile Átha Cliath rachadh sé go Sasana ar long ina mbéadh beithidhigh ag dul thart agus gheobhadh sé thart go Sasana annsin nuair a d'íocfadh sé ceithre sgilleacha agus sé pighne. Ní'l aon long de'n tsórt sin ann anois.
Uair amháin a bhí sé ag teacht abaile ó Shasana cúpla seachtmhaine ó Féile na Nodlag chas mé air agus adubhairt sé liom gurbh 'éigin dó a shiubhail as Baile Átha Cliath mar nuair a tháinig sé as an long i mBaile Átha Cliath ní raibh pinghin ina phóca aige agus b'éigin dó greim le n-ithe a iarraidh ar na daoine ar an mbealach ag teacht abhaile dó.- Bailitheoir
- Máire Nic Eathach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bheitheach (Browne), Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Cinnéidí
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- An Bheitheach (Browne), Co. na Gaillimhe