Scoil: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove) (uimhir rolla 12138)

Suíomh:
Ceathrú na Lathaí, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó hAnnracháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0040, Leathanach 0401

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0040, Leathanach 0401

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove)
  2. XML Leathanach 0401
  3. XML “Micil Feeney - Spealadóir Maith”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí aithne agam ar fear d'ár bhainm dó Micil Feeney as Lios-a-bhaile trí míle ó Thuaim agus an chéad bhaile siar ó seo agus bé an spealadóir is féarr é ins an mbaile seo nuair a bhí sé beo. Acht tá sé caillte le fada 'n lá (beannacht Dé le na anam) acht nuair a bhí sé beo ní raibh fear ins an mbaile seo a bhí in-ann é a shárú ag baint féir.
    Is maith is cuimhin liom ar an am a bhain sé sé acra i gcúig lá go leith. Ag obair le fear d'ár bhainm dó herd sasanach a raibh alán talmhan agus teach mór aige i n-Auglish fadó. Tugtar herds nó herds land ar an áit anois mar gheall ar an fear seo bheith ina chomhnuidhe ann fadó.
    Ar aon nós thosuigh Micil ag baint an fhéir maidin Dia Luain agus bhí sé críochnuighthe aige nuair a bhíomar ag ithe ár ndinnéar Dia Sathairn. Bhí sé inann acra amháin a bhaint ins an ló ar a laighead. 'Sé an obair a bhíodh aige ins an Samhradh ná ag baint féir do na daoine mar ins an am sin ní raibh mórán innill bainte ins an gceanntar seo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Eathach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Bheitheach (Browne), Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Cinnéidí
    Inscne
    Fireann
    Aois
    77
    Seoladh
    An Bheitheach (Browne), Co. na Gaillimhe