Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 542
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Bhí fear ann am amháin agus bhí sé pósta ar bhean uasal. Bhí triúr mac aca.”
Sean Sgéal.Bhí fear ann am amháin agus bhí sé pósta ar bhean uasal. Bhí triúr mac aca. Bhí siad ag cuir suas caisleán dóbhtha fhéin. An méid a chuirfeadh siad suas ins an lá bhéadh sé leagtha ins an oidhche arais. Rinne an chéad fear amach go suidhfeadh sé an oidhche seo ag coimheadh cé leighfeadh an giota a rinne siad an lá seo. Ag an dó dhéag tháinig bean aníos na h-abhna agus nuair a tháinig an bhean fhád leis. Diafruigh sé do an rabh sé ábalta cardaí a imruighadh. Dubhairt seisean go rabh. Thosuigh siad ag imirt. Bhain an fear. Dubhairt seise go gcaithfeadh sé dul go dtí an caisleán a bhí aici a gCondae an Chláir. Maith go leor arsa an fear. Nuair a chuaidh sé na bhaile ar maidin d’innis sé an sgéal do na daoine a bhí sa bhaile. Diarr sé ar a mháthair bunóg aráin a dhéanadh dó. Rinne sé an bhunóg do ar maidin rinne sé réidh agus d’imthigh sé leis. Sa deireadh tháinig sé fhad le teach. D’iafruigh sé do fear an toighe an dtabharfadh sé lóistín do go maidin. Dubhairt sé go dtabhradh sé lóistín do cinnte. Chuaidh sé a luighe an oidhche sin. Ar maidín nuair a d’éirigh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Nic Ghloinn
- Inscne
- Baineann