Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 530
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Bhí gasúr ann agus ní chuirfeadh dadaidh eagla air. Lá amháin chuaidh sé fhad le dall.”
(ar lean ón leathanach roimhe)tháinig anuas án t-simléar agus dimthigh sé ar maidin. Má shuidheann tú anocht arsa an fear cuirfear eagla ort. Maith go leór arsa an gasúr acht tá rópa a díoghbhail orm anocht go bhfeiceadh mé cé atá ann. Fuair sé rópa agus d’imthigh sé leis go dtí an caisleán. Ag an dó-dhéag tháinig an fear céadna anuas agus shuidhe sé ag an teine. Chuir an gasúr an rópa thart ar agus dubhairt sé. Caithfidh tú innse damh cé thú fhéin agus caidé’n rachaidh atá ort annseo achan oidhche. Innseóchaidh mé sin duit. Nuair a bhí mise beó, bhí mé in mo thighearna talamh. Bhí mé iongantach olc do na daoine bochta agus ó fuair mé bás tá ins an chaisleán seo ó fuair mé bás. Ní rachaidh mise na flaitheas go bhfuigheadh na daoine an tairgid a d’fág mise mó dhiaidh. D’imthigh an gasúr leis ag an dall agus d’innis sé an sgéal do. Tá an dall óir agus airgid do agus bhí sé na chomhnuidhe go maìth ó sin amach.- Bailitheoir
- Caitlín Nic na Midhe
- Inscne
- Baineann