Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a thiocfhas an chéad lá de Bhealtaine. Gheibhinn na daoine blathanna a bhíonn ag fás ag na srutháin agus duilleóg den bláth is fearr sa teach agus cuireann siad sa charn aolach iad. Fágann siad tom sgeithe istoigh ag na ba agus giota de chrann spionóg sa teach agus uisge coisreaca sa t-seomra agus igcró na gcearc.
Muna gcurtha suas na blathannaí nó na “ seagan” sa charn aolach bhéadh an t-im caillte ar maidín.
An chéad duine a eirigheas go luath an lá seo béidh fhios ag an duine sin an chéad duine atá ag gabhail a fhágail bháis sa teach.
Ma éirigheann duine ar bith ar a seacht a chlog agus an scuabh a thabhairt leobhta agus an drucht a scuabadh agus a bheith ag rádh “Come all to me” three times ag teach éigin eile béidh droch adh ar an duine sin ar feadh trí mbliadhain.
Má tigeann duine ar bith o Meirica an lá sin dheanfaidh na(leanann ar an chéad leathanach eile)