Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 290
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá tóbair beannuighthe i nDoire Leac Chonall. Tobar Conall an t-ainm atá air. Téigheann na daoine ann ar an cúigeadh lá déag do Lughnasa. Fághann na daoine rúd eigin ag an tobar ar crann no ar cloch. Bíonn uisge na bhaile leis na daoine. Ní olainn siad an t-uisge. Bíonn na daoine ag urnaige ag an tobar. Caithfear siubhal thart fá'n tobar cuig uair déag agus cúig deichneabhar a rádh gach uair. Teigheann na daoine ann le fághail leigheasta.
Lá amháin bhí Naomh Conaill ag teacht aníos an Ghaoth Bearra agus leán peist mór é. Nuair a thainig sé fhad le Doire Leac Connaill thainig sé isteach ar an talamh mar go rabh crainn ann agus bhí dhios aige go dtiocfadh leis dul i bhpolach.
Bhí tocht mór air agus í lár na gcrann chonnaic sé tobar beag. D'ól sé a shaith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mheallaigh
- Inscne
- Baineann