Scoil: Leitir

Suíomh:
Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Proinsias Ó hEachaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 190

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 190

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 190
  3. XML “Scéal a Dó”
  4. XML “Scéal a Trí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal a Dó (ar lean)

    Bhí fear 7 bean ann aon uair amháin. Bhí triúir mac aca. Chuaidh siad amach a iasgaireacht lá amháin. Nuair a bhí siad amuigh d'éirigh an fhairrge 7 d'éirigh an spéir dorcha.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    na dhá chuid o cheann go ceann an báidh. Annsin tháinig siad chun na bhaile slán. I dthrath an mheadhon laé lá thar na bhárach. Tháinig fear isteach. Thug sé cuireadh do’n fear a chaith amach an sgian. D’imthigh leo dtáinig siad go dtí an fhairrge. Chuaidh siad ar bord agus tháinig siad i dtír ag gleann mór. Shiubhail leo go dtáinig siad go speannc mór d’fhosgail an speannc amach. Chuaidh siad isteach, bhí bean i n-a luighe ar cholbha na leabhtha agus an sgian póca a chaith sé amach ins an fhairrge saithte faoi na croidhe. Dubhairt sí leis an sgian a tharraingt. Dubhairt sé nach dtarraingeóchadh mura bhfágad siad arais é. Dubhairt an bhean leis. “Ba mhaith a rinne tú sin nó bhí mise ag gabháil do mhuineál a ghearradh”.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal a Trí

    Bhí fear agus bean ann fad ó shoin. Gach aon oidhche bhéadh tae a dhith air fríd an oidhche. Chaithfeadh an bhean éirigh agus tae a dhéanamh dó.

    Sgéal a trí:-
    Bhí fear agus bean ann fad shoin. Gach aon oidhche bhéadh tae a dhith air fríd an oidhche. Chaithfeadh an bhean éirigh agus tae a dheánamh dó. Bhí fear siubhal ar lóisín aca, luigh sé ag an teinidh, i lár na h-oidhche. D’iarr an fear ar an bhean an tae a dheánamh dó. Dubhairt sí nach dtiocfhadh léite éirighe agus an fear siubhail annsin. Ma bhíom ag deánamh tae
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Ní Chnáimhsighe
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    57
    Gairm bheatha
    Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Mhic an Bhaird, Co. Dhún na nGall