Scoil: Leitir

Suíomh:
Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Proinsias Ó hEachaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 188

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 188

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 188
  3. XML “Scéal a Dó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal a Dó

    Bhí sean bhean 7 a mac ina gcomhnuidhe i dteach bheag uair amhain. Bhí an mac ar shiubhail gach aon oidhche ag imirt chardaí. Bhí an bhean ina luighe ins an leabhaidh 7 ní rabh sí ábalta éirghe.

    Sgéal a dó:-
    Bhí sean bhean agus a mac ina gcomhnuidhe i dteach bheag uair amhain. Bhí an mac ar shiubhail gach aon oidhche ag imirt chardaí. Bhí an bhean ina luighe ins an leabhaidh agus ní rabh sí ábalta éirghe. Bhí beagan airgid aici. Gach aon oidhche thiocfadh an mac chuici ag iarraidh cupla scilling uirthí. Dubhairt an bhean leis. Dá dteigheadh sé ‘un tsiopa agus arán a ceannacht díth go dtabhairfeadh sí airgead do “Maith go leór” arsa an mac acht nuair a fuair sé an t-airgead d’imthigh sé leis agus níor phill sé go maidín. Rinne sé an cleas ceadhna an oidhche in a dhiaidh sin acht nuair a phill sé bhí ocras air. Chuaidh sé isteach ‘un toighe agus d’amharc sé thart acht ní rabh a mháthair le fagháil.
    Ní rabh fhios aige caidé a bhfearr do a dheánamh. Chuaidh sé a luighe. Indiaidh tamaill tháinig tormáin go dtí an doras agus tháinig sluagh de daoine beaga isteach. Thug siad amach é agus chaith siad isteach i bpoll mhór é.
    Tháinig sé amach arais agus chaith siad isteach arais agus caith siad isteach é. “Anois” arsa siadsan. Tabhair aire do do mhathair nó tiocfaidh muid arís. D’amharc sé thart acht ní thiocfaidh leis a dhath a fheiceál. D’éirigh sé agus chuaidh sé isteach ‘un toighe, luigh sé ag an teinidh, nuair a d’éirighe sé ar maidín, bhí a mháthair ina luighe ins an leabaidh. Indiaidh sin thoisigh sé ag obair agus thug sé aire mhaith do a mháthair. Indiaidh támaill bhí a mhathair abálta éirghe agus an obair a dheánamh í fhéin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Laodhóg
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Maolmuire Ua Cnáimhsighe
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Gairm bheatha
    Feirmeoir beag (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile na Carraige, Co. Dhún na nGall