Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 117
- XML “Arán sa tSeanaimsir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ba gnáthach leis na seandaoine sa t-sean aimsir níos mó cineál aráin a dhéanamh na dheanntar anois ar chor ar bith. Ba gnáthach leo morán bocstaí a dhéanamh. Ní dheanna na daoine bocstaí acht go hannamh. Tá sé an mhaith. Tá bocstaí déanta de préataí. Chonnaic mise cuid de na seandaoine ghá dhéanamh. Fuair siad préataí agus ghearr said an chraiceann daobhtha. Annsin sgríob siad iad le sgríobadóir. Annsin d'fhaisc siad an t-uisge ar fríd eudach glan. Fuair siad préataí bruighte annsin agus mheasc siad iad leis an cuid eile. Chuir siad salann ann annsin agus rinne siad bunóg de. Rinne siad an bunóg in a giotaí beaga annsin. Fuair siad oighean annsin agus chuir siad ar an teine é agus nuair a bhí sé te chuir siad im air. Chuir siad na bunógaí beaga ann annsin.
Nuair a bhí an taobh íochtar déannta thionntuigh siad iad. Nuair a bhí an taobh sin déanta thóg siad iad agus chuir siad siúcra agus bainne ortha le iad a dhéanamh bog blasta agus chuir siad isteach i sgáile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seaghan Ó hEigheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall