Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéal

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 214

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Scéal

Bhí lanamhain na comhnuidhe fad ó shoin síós ar Pointe Damhras. Liam Ó Bhaoighill an t-ainm a bhí air, agus Úna an t-ainm a bhí ar a bhean.

Bhí lanamhain na comhnuidhe fad ó shoin síos ar Pointe Damhras. Liam Ó Bhaoighill an t-ainm a bhí air, agus Úna an t-ainm a bhí ar a bhean. Bhí an teach a bhí aca an fhada amuigh ar an bPointe, agus ní rabh teach ar bith eile comhgarach do. Bhí an lanamhain seo an diaganta. Bá gnach le Úna gach bliadhain a gabháil go loch Dearg agus an turas a shiubhail díthe féin agus do Liam Agus nuair a tháinig an t-am ins an Samhradh le gabhail, dimthigh Úna go loch Dearg. Ní rabh traen ar bith ins an am sin. Agus bhíodh sí coicthigis go dtioc fadh sí arais. D’éirigh Liam an maidín seo chomh luath agus d’imthigh Úna, agus bhleagh sé an bhó, agus rinn sé gach eile rud f’an teach. Agus annsin d’imthigh sé síos ag iasgaireacht. Ní rabh sé i bhfad ar an chloich a bhí sé na sheasamh air, go bhfaca sé fear na shuidhe ar carraic eile ag na thaobh. Bhí cuma ionganach ar an fhear seo. Bhí corp mór cruinn air, agus bhí na lámh fada tanaidh. Bhí a cheann beag le súile móra an fhada amach sa cheann. Shíl Liam go rabh sé cosamháil le frog mhór. Bhfuil tú ga maith indiu a Liam arsan fear. Caidén dóigh a bhfuil aithne agat ormsa arsa Liam. Ní fhaca tú mise ariamh. Chonnaic mé thú go minic arsan fear. Tá mo theach shíos faoi an fhairrge, faoi an chloch a bhfuil tú do sheasamh air. Síleann tú gur páiste mé le sin a chreidbheadh

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Éamonn Ó Cuirín
Inscne
fireann
Aois
14
Seoladh
Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge