Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 191

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 191

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sealbhuidhe
  2. XML Leathanach 191
  3. XML “Scéal - Tomás na hOrdóige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann aon uair amháin agus bhi siad an bhocht. Ní raibh acu acht aon mac amháin agus ní raibh seisean acht comh le h-ordóig a mháthara. Ba é an t-ainm a bhí ag na daoine air Tomás na h-ordóige. Lá amháin chuaidh an t-athair un choill a gearrabh crann acht ní raibh fhios aige caidé mar geobhadh sé an capall agus an trucall annsin roimh an oidhche leis na crann a thabhairt abhaile. Dubhairt Tomás go dtabhairfeadh seisean an capall chuige. Maith go leór arsan mháthair, cuirfidh mise an trucall ar an capall agus cuirfidh mise ar siubhail é.
    Maith go leór arsan t-athair agus dimthigh sé leis.
    Nuair a tháinig am dinnire chuir an mháthair an trucall air agus chuir sí Tomás na suidhe istuigh i gcluais an capall. Chuaidh Tomás agus an capall ar siubhail leo agus Tomás ag sgairtig.
    “Gabh ar siubhail ar sin”.
    “Gabh ar siubhail ar sin”.
    Siubhail siad tamall maith go dtí sa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0700: Tom Thumb
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seaghan Iosep Mac Seagháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    11
    Seoladh
    Caiseal Charna, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Proinnsias O Coilín
    Inscne
    Fireann