Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 236
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ann fad ó shoin agus ní rabh aige acht é féin agus a bhean. Bhíodh sé i gcomhnuidhe ag deanamh poitin.”
Bhí fear ann fad ó shoin agus ní rabh aige acht é fhéin agus a bhean. Bhíodh siad i gcomhnuidhe ag deanamh poitin.
Lá amhain tháinig na gardaí go dtí an teach agus níor mothuigh siad go rabh siad ag an teach. Bhí siad ag deanamh an poitin i lár an urláir. Dubhairt na gardaí nach rabh an ceart acú sin a deanamh agus gan é a dheanamh níos mo. No go dtiocfadh siad arís lá eile roimh ibhfadh.
Ní dheanamh siad é go ceann míosa no níos mo na sin. Shaoil siad annsin go rabh siad reidh leobhta agus thoisigh siad ghá deanamh arais.
Ni rabh siad a dheanamh acht cupla lá nuair a chualaidh siad an sgairt ag an doras oidhche amháin agus iad ag deanamh an poitin sa teach.
Tá na gardaí agam arais ar seisean leis féin. (Táininig) Táinig na gardaí isteach agus bhí fearg mór órtha. Dubhairt fear a toighe go rabh sé iongantach bhuadhartha acht nar dearn sé deor de go dtí sin ón uair deireannach a bhí siad thart. Mar sin de arsa na gardaí bhéarfaidh mé seangs eile duit agus an chead uair eile a teífidh no a cluinfidh mé go bhfuil tú ghá dheanamh cuirfidh mé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghóill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Cnoc an Cheo, Co. Dhún na nGall