Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 176
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí teach mór ins na Cealla Beaga aon uair amháin agus bhí taidhbhse le feiceáil ann gach oidhche agus ní fhanochadh duine ar bith ann.”
Bhí teach mór ins na Cealla Beaga aon uair amháin agus bhí taidhbhse le feiceáil ann gach oidhche agus ní fhanochadh duine ar bith ann. Bhí fear ann san am sin agus bhí sé a bráth cailín saidhbhir a bhí ann a phósadh.
Cuaidh sé chuig athair an chailín seo oidhche amháin agus diarr sé an cailín air acht dubhairt an t-athair nach bhfuigheadh sé a nighean go bhfanochadh sé oidhche amháin ins an teach seo.
Maith go leór arsan fear eile agus d’imthigh sé leis go dtí teach an taidhbhsé agus chuaidh sé isteach agus shuidh sé ar leach a bhí ann. Nuair a tháinig an mheadhon oidhche cualaidh sé an torman agus an ceól a ba bhinne da gcuala sé ariamh. Leis sin féin thainig solus mór isteach fríd an teach. Tháinig eagla ar an fhear a bhí ag coimhead agus shuidh sé go socair ins an choirnéal no bhí sé iongantach fuar agus ní rabh teine ar bith ann.
Leis sin féin chonnaich sé cos fear ag teacht anios fríd an t-urlár agus na dhiaidh sin an corp agus na dhiaidh sin tháinig an ceann aníos agus sheas an fear ar an urlár. Tháinig fhear eile aníos na dhiaidh sin ar an dóigh céadna agus na dhiaidh fear eile agus nuair a tháinig an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghóill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Cnoc an Cheo, Co. Dhún na nGall