Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéal

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 210

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Scéal

Bhí fear ann fad ó shoin agus chuaidh sé amach ag iarraidh oibre. Sa deireadh rinne sé fastughadh le sgológ.

Bhí fear ann fad ó shoin agus chuaidh sé amach ag iarraidh oibre. Sa deireadh rinne sé fastughadh le sgológ. Ní radh sé ibhfad annsin go dteachaidh an sgológ agus a bhean ar laethe saoire agus d’fhág sé an bhuachaill na dhiaidh sa bhaile. Níor tháinig siad abhaile go ceann trí bliadhna na dhiaidh sin.
Fear an falsa a bhí ins an bhuachaill aimsire Agus nuair a fuair sé an sgológ agus a bhean ar shiubhail ní dhearn sé dadaidh acht suidh sé ag an cois na teineadh agus deirigh a chuid bróga comh cruaidh agus go mbéigin do iad a bhaint de. Nuair a tháinig an am leis an chíos a dhíol nior dhíol sé é agus tháinig an seirmh agus (thain) thug sé leis scór den eallach.
Tamall na dhiaidh sin tháinig an sgológ agus a bhean abhaile agus bhí siad mí shásta fan chuma a bhí ar gach rud thart fan teach agus bhí siad níos measa nuair a chualaidh siad gur chail sé scór den eallaigh. D’imthigh an sgológ annsin ar lorg an eallaigh.
Nuair a fuair an bhuachaill an sgológ ar shiubhail chuir sé a chuid bróga i dtobann uilig go dearn sé bog iad Annsin chuir sé air iad agus d’imthigh sé leis agus fuair sé roimh an eallach ag Baile-Na-gCreach agus thug sé amach a ghunna agus d’orduigh sé don seirmh a chuid lámha a cuir suas.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Ghoill
Inscne
baineann
Aois
12
Seoladh
Cnoc an Cheo, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Eamonn O Breislin
Inscne
fireann
Teanga
Gaeilge