Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear agus bean aon uair amháin agus bhí siad pósta. Bhí páiste beag aca. Bhí gasúr amháin agus bhí sé a deánamh troiblóide mór do a h-athair agus do a mháthair. Dfhiafruigh sé do’n tsagairt caidé a dheánaid sé leis. Dubhairt an tsagairt leis é a chur ar siubhal. Dimthigh sé an lá ar na bharach. Is é an sagairt a céad duine a chasadh air. Dubhairt sé leis an gasúr é a ghabháil isteach i dteach phobaill agus cupla paidir a rádh. Bhí sé tamall beag istuigh nuair a tháinig bean isteach agus fear dall léithe. Dfhág sí an fear dall ag urnaigh agus d’imthigh sí féin amach. Níor fhada go dtáinig bean eile isteach agus fear dall léithe. Dfhág sise an fear dall ag urnaigh sa teach phobhail fosta agus chuaidh sí amach.
Níor fhada go dtearn fear de na fir casachtach. Daithin an fear eile a ghlór “Sé do bheatha”, ar seisean leis an fhear eile An bhfuil mórán airgid agat Tá cúig phunta agam arsan fear Sin an mhéad céadna atá agam féin. Cá háit a bhfuil na cúig punt agat Tá sé agam in mo bhearad ar mo cheann Sin an áit atá sé agam féin. Bhí an gasúr ag éisteacht leobhtha le sin chuaidh sé suas agus thug sé leis an dá bheáraid agus thug leis na deich bpunt. Chait sé na bearaid ar an ród. Thoisigh an dá fhear ag troid ins an teach phobail(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Coilín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Mhín Bhuí, Co. Dhún na nGall