Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)

Suíomh:
Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig M. Mac Seághain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 243

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 243

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sealbhuidhe
  2. XML Leathanach 243
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí fear ann fad ó shoin agus is fada ó bhí agus ní rabh aige acht é féin agus a mhac. Bhí siad iongantach bocht agus ní rabh dóigh ar bith acú le airgead a dheanamh acht ag deanamh poitin agus a dhíol.

    Bhí fear ann fad ó shoin agus is fada ó bhí agus ní rabh aige acht é fhéin agus a mhac bhí siad iongantach bocht agus ní rabh dóig ar bith acú le airgead a dheanamh acht ag deanamh poitin agus a dhíol. Amuigh ar na chnuic bhíod siad a dheanamh an poitin agus bhíod siad amuigh go mall san oidhche. Aon oidhche amhain tharla go rabh an bheirt acú ag dul go dtí an áit a rabh siad ag deanamh in poitin agus tharla go rabh siad ag gabhail thart le teach a rabh fear ag fagháil bháis ann agus bhí muinntear an tóighe ag guidhe thart fan leabaidh agus diarr siad ar an fear theacht isteach no go rabh fear marbh ann.
    Dubhairt an fear a bhí ag gabhail thart go rabh sin olc go leor acht go rabh seisean ag gabhail go dtí an poitin agus go rabh deifir mhór air agus nach dtiocfadh leis ghabhail isteach. Siubhail sé leis trasna na gcnoc agus nuair a bhí siad fá ghiota de’n teach beag a rabh siad ag deanamh an poitin ann chualaidh sé an glór i neas daobhta. D’amharc siad thart ag tcí siad an madadh mór dubh na seasamh taobh thiar daobhtha Sgannruigh siad nuair a chonnaic siad an madadh agus tháinig níos mo eagla ortha nuair a chualaidh siad an madadh ag cainnt i gcanamhain na ndaoine. Ní rabh ann acht é nar thuit siad i laige i gcionn tamall dimthigh an madadh i gceo.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghóill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Cnoc an Cheo, Co. Dhún na nGall