School: Sealbhuidhe (roll number 16045)

Location:
Shalwy, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig M. Mac Seághain

Filter stories

Back
/ 258 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 243

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Scéal

Bhí fear ann fad ó shoin agus is fada ó bhí agus ní rabh aige acht é féin agus a mhac. Bhí siad iongantach bocht agus ní rabh dóigh ar bith acú le airgead a dheanamh acht ag deanamh poitin agus a dhíol.

Bhí fear ann fad ó shoin agus is fada ó bhí agus ní rabh aige acht é fhéin agus a mhac bhí siad iongantach bocht agus ní rabh dóig ar bith acú le airgead a dheanamh acht ag deanamh poitin agus a dhíol. Amuigh ar na chnuic bhíod siad a dheanamh an poitin agus bhíod siad amuigh go mall san oidhche. Aon oidhche amhain tharla go rabh an bheirt acú ag dul go dtí an áit a rabh siad ag deanamh in poitin agus tharla go rabh siad ag gabhail thart le teach a rabh fear ag fagháil bháis ann agus bhí muinntear an tóighe ag guidhe thart fan leabaidh agus diarr siad ar an fear theacht isteach no go rabh fear marbh ann.
Dubhairt an fear a bhí ag gabhail thart go rabh sin olc go leor acht go rabh seisean ag gabhail go dtí an poitin agus go rabh deifir mhór air agus nach dtiocfadh leis ghabhail isteach. Siubhail sé leis trasna na gcnoc agus nuair a bhí siad fá ghiota de’n teach beag a rabh siad ag deanamh an poitin ann chualaidh sé an glór i neas daobhta. D’amharc siad thart ag tcí siad an madadh mór dubh na seasamh taobh thiar daobhtha Sgannruigh siad nuair a chonnaic siad an madadh agus tháinig níos mo eagla ortha nuair a chualaidh siad an madadh ag cainnt i gcanamhain na ndaoine. Ní rabh ann acht é nar thuit siad i laige i gcionn tamall dimthigh an madadh i gceo.

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Ghóill
Gender
female
Age
12
Address
Crockakeo, Co. Donegal
Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
male
Address
Crockakeo, Co. Donegal
Language
Irish