Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Déirigh fear agus a mhach go luach maidin Dia Domhnaigh amháin le ghabháil ’ un aifrinn. Bhí teach an phobail ibhfad uabhtha agus bhí acha le imtheacht go luach. Bhuridh gach duine bata leis a chuideochaidh leis ar an bhealach mhór bhí acha le ghabháil trasna na gcnoc. Ní rabh siad ibhfad ag siubhail gur casadh carnan caonaigh ortha. Dubhairt an mach leis an t-athair an bhfuil fhios agat caidé atá sa carnan sin. Is Cuma duit arsan t-athair. Bí ag teacht leat shiubhail siad píosa mór fada eile ná gur casadh ceann eile don cineáil céadna ortha. Ins an deireadh casadh ceann eile ortha. Diarr an t-athair air a bheith ag teacht leis agus gan baint leis. Bhí siad ag siubhail tamall maith eile gur casadh an treas cinn ortha. Bhall arsan mach ní rachaidh mé thairis seo go bhfeicfeádh mé caidé tá ann. Chur sé bárr a bhata isteach san carnan agus léim easgain mór [ama?] is. Chuaidh an bheirt acha a chonngbháil an easgain uabhta acht ní rabh siad ábalta iad féin a chosaint agus ní bhfuair siad ar shiubhail ón easgain go rabh an oidhche dubh ann. Is é madad a dfhág siad na dhiaidh san bhaille a tháinig thioctha agus a cuidigh leobhtha go bhfuair siad abhaile. Rinn siad amach na dhiaidh sin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seaghán Mac Aodha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Chruach Bheag, Co. Dhún na nGall